Printer-friendly versionSend by emailPDF version
Plean Forbartha Contae / Pleananna Limistéir
Buacphointí:
- Glacadh le pleananna limistéir le haghaidh Bhaile Héil, Chnoc an Tóchair, Bhéal Átha Ragad, Inis Tíog agus Áth na nUrlainn.
- Bhí comhairliúcháin phoiblí ar bun i Sliabh Rua, Ros Mhic Thriúin, Ceanannas, an Droichead Nua, Achadh Úr, Muileann an Bhata, Áth Stúin agus Baile Phóil.
- Glacadh le Plean Limistéar Áitiúil le haghaidh Cheantar Iartharach Chathair Chill Chainnigh.
- Táthar ag iarraidh ar ghníomhaireachtaí tionscail agus tráchtála go mbeadh baint níos mó acu le hullmhúchán Pleananna Limistéir Áitiúil.
- Tá Gníomhartha Straitéiseach Contae agus gníomhartha pobail á ionchorprú i bPleananna Limistéir Áitiúil.
- Athrú Uimhir 2 Glacadh le Bóthar Faoisimh Istigh Chill Chainnigh ar chuid de Phlean Forbartha Chathair Chill Chainnigh agus an Cheantair Máguaird é.
- Cuireadh tús le athbhreithniú ar Straitéis Mhiondíola i 2004.
- Cuireadh tús le athbhreithniú ar pharaiméadair an Straitéis Tithíochta i 2004.
Athnuachan Baile
- Tá 25 thionscadal faofa go dáta faoin Scéim Athnuachan Baile.
- Ba í 31 Nollaig 2004 an dáta deireanach maidir le cáiliú faoin scéim agus is é 31 Iúil 2006 an dáta atá ceaptha chun na hoibreacha a chríochnú.
Athnuachan Uirbeach agus Sráidbhaile
Buacphointí:
- Tugadh faoi chéim 4 den chlár sé bliana. Tugadh tionscadail chun críche ag Gráig na Manach, Tulach Ruáin, Gráinseach Chuffe, Béal Átha Ragad, an Droichead Nua agus Dún Iomagáin.
Láithreáin Tréighe
Buacphointí:
- Tá na cúig oifigí limistéir atá ag an gComhairle freagrach as láithreáin tréigthe le tacaíocht ó Innealtóir Feidhmeannach Sinsearach.
- Eisíodh 103 fógraí faoin Acht um Láithreán Tréigthe i 2004.
- Déanfar fiosrúchán faoi láithreáin tréigthe ar bhonn leanúnach agus cuirfear fógraí amach mar is cuí.
Caomhnú
Buacphointí:
- Dháil an Chomhairle €103,070 faoin Scéim Dheontas Caomhnaithe maidir le struchtúr cosanta.
- Cuireadh daichead a ceathair iontrála breise leis an Taifead Struchtúr Caomhnaithe.
- Rinneadh Fardail Ailtireachta ar cheithre sráidbhaile agus rinneadh Staidéir Dhearaidh Uirbigh le haghaidh ocht sráidbhaile.
- Cuireann Comhairle Contae Chill Chainnigh córas comhairliúcháin/comhairle phleanála ar fáil maidir le foirgnimh íogaracha agus le struchtúir chosanta.
Táillí Forbartha
Buacphointí:
- Cuireadh an Scéim Ranníocaíocht Forbartha i bhfeidhm i ndáil le gach ceadúnas a tugadh amach i 2004.
- Gearradh €6.7m maidir le táillí faoin scéim nua agus is airgead amuigh é ar an gComhairle.
- Foilsíodh Dréachtscéim Ranníocaíocht Forbartha Cheantar Iartharach Chathair Chill Chainnigh i 2004.
Stiúradh Forbartha
Buacphointí:
- Fuarthas 2,087 n-iarratas i 2004 (2,071 i 2003).
- Fuarthas €956,738 i ndáil le muirir phleanála.
- Tá rath ar an gcóras Clinic Pleanála atá ag feidhmiú ar bhonn leanúnach i ngach ceann de na hoifigí limistéir.
- Cuireadh síneadh le huaireanta oscailte ag an gcuntar poiblí pleanála i 2004.
Forfheidhmiú
Buacphointí:
- Fuarthas 238 ngearán nua i rith na bliana 2004.
- Tugadh 213 chás chun críche i rith na bliana 2004.
- Ionchúisigh an Chomhairle 11 chás go rathúil i rith na bliana 2004 agus tá go leor cásanna eile ag fanacht ar éisteacht cúirte. Ghearr an Chúirt gar do €14,500.00 idir fhíneálacha agus chostais.
- Fuarthas níos mó ná €122,500.00 maidir le táillí choimeádta pleanála amháin go díreach mar thoradh ar chaingean Forfheidhmithe a rinneadh. Ag éirí as an gcuid is mó de na hiarratais sin bheadh ranníocaíochtaí forbartha dlite freisin.
-
Is de bharr go rabhthas sásta le nósanna imeachta na Comhairle maidir lena láimhseáil, a cuireadh críoch le cuid de na cásanna a ndearna Oifig an Ombudsman fiosrúchán fúthu.
Dul Chun Cinn I Teicneolaíocht an Eolais (TE)
Buacphointí:
- Cuireadh EPlan córas nua Pleanála agus GIS de chuid Chomhairle Contae Chill Chainnigh atá bunaithe ar an idirlín ar fáil ar líne i 2004.
- Cuireadh clár nua mapála de chomhaid Forfheidhmithe i bhfeidhm ag deireadh na bliana 2004, rud a chabhróidh go mór le foireann Pleanála caingne Forfheidhmithe reatha a aithint a mbeadh baint acu le hiarratais pleanála ar bith a bheadh beartaithe ar shuíomh faoi leith.